FÁS & An Timire

November 3, 2014 in Communications
Address

37 Lower Leeson Street
Dublin 2

Contact

Telephone: +353 1 775 8502
Website: http://www.timire.ie/
Email: [email protected]

Map

[ready_google_map id=’3′]

About

Bunaíodh Foilseacháin Ábhair Spioradálta (FS) i 1956 faoi choimirce Ord na nÍosánach, chun leabhair a sholáthar i nGaeilge ar ábhair a bhaineann le creideamh agus leis an gcultúr Críostaí. Bhí leabhair á bhfoilsiú go tráthrialta idir sin agus 1998.

As iris bheag a bhí ag Cuallacht Mhuire gan Smál, dar teideal Geamhar, a tháinig FS. Breandán Mac Giolla Choille a bhí ina eagarthóir arGheamhar agus ba iad Breandán, Art Ó Riain agus Mícheál Ó Conchubhair an triúr ba mhó a chuir bonn daingean faoin tionscnamh nua. Bhí siad á misniú ó thús ag Íosánaigh áirithe, go speisialta ag an Athair Séamus Mac Amhlaoibh. Is ar Íosánaigh eile, Seosamh Ó Muirthile, Diarmuid Ó Laoghaire, Seán Ó Duibhir agus Connla Ó Dúshláine, a thit tromlach na hoibre idir na seascaidí agus deireadh na nóchaidí idir eagarthóireacht agus bhainistíocht. Tá meas as cuimse tuillte ag na bunaitheoirí agus ag an dream dílis a sheas an fód riamh ó shin as an éacht a rinne siad.

In Eanáir 2000, ghlac an tSiúir Éilís Ní Thiarnaigh, bean rialta agus diagaire de chuid siúracha San Louis, cúram FS uirthi féin is d’fhan ina bhun go dtí mí na Nollag 2007. An bhliain sin, 2007, bhí caoga bliain slánaithe ag FS i mbun foilsithe agus cuireadh Ceiliúradh, leabhar gleoite griangrafanna, i gcló in onóir na hócáide. Sa bhliain 2008 chuir na hÍosánaigh oifig ar fáil do FS agus do Thimire an Chroí Ró-Naofa araon i Sráid Líosáin Íochtarach i mBaile Átha Cliath. Agus sa bhliain sin, 2008, tháinig Alan Mac Eochagáin, Íosánach, i gcomharbacht ar an tSiúir Éilís is d’fhan ina bfeidhil go dtí 2012. Is é Frainc Mac Brádaigh, sj atá i mbun na hoibre ó shin. Cuirtear ar a laghad 3 leabhar i gcló chuile bhliain.

Is é ‘An Timire’ an iris Ghaeilge is sine sa tír – ar domhan, b’fhéidir – agus is sine í ná mórchuid d’irisí reatha Béarla na tíre. Bunaíodh í in 1911, agus tagann sí amach go rialta gach ráithe. Pléann sí cúrsaí creidimh, cúrsaí cultúrtha agus sóisialta.

Is í príomhaidhm An Timire ná spreagadh agus tuiscint a thabhairt do bhaill Aspalacht na hUrnaí ar intinní an Phápa, trí altanna suimiúla agus ábhar atá inspéise do chách a chur ar fáil.