FÁS - An Timire

Bunaíodh Foilseacháin Ábhair Spioradálta i 1956 faoi choimirce Ord na nÍosánach, chun leabhair a sholáthar i nGaeilge ar ábhair a bhaineann le creideamh agus leis an gcultúr Críostaí. Bhí leabhair á bhfoilsiú go tráthrialta idir sin agus 1998 - os cionn trí scór acu.

 

As iris bheag a bhí ag Cuallacht Mhuire gan Smál dár teideal Geamhar a tháinig F.Á.S. Breandán Mac Giolla Choille a bhí ina eagarthóir ar Geamhar, agus ba iad Breandán, Art ó Riain, agus Micheál ó Conchubhair an triúr ba mhó a chuir bonn daingean faoin tionscnamh nua. Bhí siad á misniú ó thús ag Íosánaigh áirithe, go speisialta ag an Athair Séamus Mac Amhlaoibh. Is ar Íosánaigh eile, Seosamh ó Murthuile, Diarmuid ó Laoghaire, Seán ó Duibhir agus Connla ó Dúshláine a thit tromlach na hoibre ó na seascaidí i leith, idir eagarthóireacht agus bainistíocht..

Website: www.spiorad.ie contact details 03