Jesuits commemorate Newman

September 28, 2010 in General, News

leon_01Irish Jesuits played their part in the beatification Mass of Cardinal Newman  Sunday 19 September. The Jesuit novitiate’s response to the papal visit started “with eleven novices standing in a rainy field at 1.00am on the Sunday morning”.  They were among a group of 850 volunteer stewards for the ceremony and included Niall Leahy, Joseph Keegan,  Ronan McCoy and Gavin Murphy from the Irish Province. Newman author Dermot Mansfield SJ (Heart Speaks to Heart: Veritas) was interviewed on the BBC Sunday Sequence programme before going on to assist RTE’s John Bowman with live television commentary during the beatification Mass. Leon Ó Giolláin SJ (pictured here) interviewed some UCD students who had attended the event, in a special Mass broadcast on RTE TV this Sunday, 26 September. He also gave a homily ‘as gaeilge’ in the University Chapel, Stephen’s Green, Thursday, 16 September. Read it below.

Aitheasc ar JH Newman Beannaithe
Eaglais na hOllscoile, Faiche Stiabhna
21 Meán Fomhair 2010

Is olc an ghaoth nach séideann maitheas éigin! Tógadh an eaglais álainn seo, Eaglais na hOllscoile, Faiche Stiofáin, as an fuilleach airgid a bhí fágtha ón gcás clúmhilleadh scríbhinne a thóg iar-shagart Iodálach, Giacinto Achilli, in aghaidh Newman sa bhliain 1851. Scríobh Newman alt inar nocht sé droch-iompar Achilli – caitheadh amach as an sagartóireacht de bharr an drochiompair chéanna – ach shéan Achilli gach rud i mionnscríbhinn (affidavit) agus chaill Newman an cás. Chosnaigh sé thart ar £12,000 (níos mó ná £1m inár gcuid airgid féin) ach bailíodh i bhfad níos mó ó Chaitlicigh ar fud an domhain, Catilicigh na Stáit Aontaithe ach go háirithe, a chruinnigh thart timpeall ar Newman chun cabhrú leis a chás a chosaint. Má theip air an cás a bhuachaint – rud a léirigh an éagóir ghinearálta i leith Caitliceach ag an am – bhí go leor airgead fágtha chun an eaglais gleoite seo, bun-eaglais  na hOllscoile, a thógáil. Is olc an ghaoth….go fíor!

Má bhí fadhbanna ag Newman leis an Iodálach seo – agus, dála an scéil é, leis na hIodálaigh sa Róimh freisin amaintí, fiú tar éis a iompaithe ina Chaitliceach (faoi cheist do-earráideacht an Phápa (papal infallibility), mar shampla) – is léir go raibh an-mheas go deo ag Newman ar stair agus cultúr na nGael agus ar na Gaeil iad féin.

I leabhar curtha in eagar ag an Dr. Pádraig Ó Fiannachta in ómós do Eoghan Ó Comhraí, Ollamh le Stair agus Seandálaíocht na hÉireann san Ollscoil Chaitliceach a bhunaigh Newman faoi stiúir na n-Easpag, tá cur síos álainn ar an gCairdinéil, a léiríonn go maith cé chomh tuiscineach agus tacúil is a bhí sé inár leith:

‘B’é an Dr. J.H. Newman, Uachtarán na hOllscoile Caitlicí, a chuir ina luí ar an scoláire cúthalach ó Chontae an Chláir go raibh sé thar a bheith cáilithe agus oiriúnach dá phost san ollscoil  nuair a cheapadh é in 1854 . Thosaigh sé ar an tsraith léachtaí, ‘Lectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish History’, an bhliain dár gcionn, 1855, agus lean said go 1856. I láthair ag gach léacht bhíodh an Sasanach macánta, an Dr. Newman. I ndiaidh gach léachta bhíodh sé á mholadh agus á ghríosadh mar d’aithin sé a fhiúntas’ (lch 19).

Agus is amhlaidh freisin gur íoc an Ollscoil, faoi stiúir Newman, as na léachtaí sin – níos mó ná 700 leathanach! – a cuireadh i gcló i 1861.

Ach is sna Sceitseanna Stairiúla Vol III, caibidil X – Traidisiún na Sibhialtachta: Oileáin an Tuaiscirt – a scríobh Newman thart ar 1856, is mó a fhaightear an promhadh ar ard-mheas an Chairdinéil dos na Gaeil. Cupla luachanna ón leabhar sin chun é seo a léiriú, ina theanga dhúchais féin ar ndóigh (i. Béarla binn blasta!):

For the Celt, it cannot be denied, preceded the Anglo-Saxon, not only in his Christianity, but in his cultivation and custody of learning, religious and secular, and again in his special zeal for its propagation… In the schools of science England has no name to rival Erigena in originality, or St. Virgil in freedom of thought; nor among its canonized women any saintly virgin to compare with St. Bridget; nor, although it has 150 saints in its calendar, can it pretend to equal that Irish multitude which the Book of Life alone is large enough to contain…

Is amhlaidh gur chreid Newman go raibh Éire faoi choimirce speisialta Dé i stair na Críostaíochta go mór mhór san Eoraip ….Ach cén dearcadh a bheadh aige ar staid na Críostaíochta agus staid na hEaglaise in Éirinn faoi láthair? Cén teachtaireacht a bheadh aige dúinn? Cad a déarfadh sé linn?

Tig linn iarracht mhaith a dhéanamh na ceisteanna sin a fhreagairt, mar de réir go leor scoláirí Newman, tá an-chuid cosúlachtaí idir thréimhse Newman agus na buncheisteanna a bhí á ghríosadh ag an am, agus ár linn féin.

Ba mhaith liom dhá phointe lárnach i meon Newman a phiocadh amach chun é seo a léiriú, ag tagairt ach go háirithe ar na sliochtanna ón Scrioptúr Naofa a chualamar anocht. An dá choincheap lárnach i meon agus i misean Newman, dar liom, ná: (i) an fhírinne agus an coinsias agus (ii) áthas na beatha Críostaí.

Fírinne agus Coinsias

I léacht a thug Newman sa Rotunda, chuir sé in iúil go soiléir gur mheas sé go raibh lucht a gcomhaimsire éadoimhin, ag marachtáil ar bharr an uisce, ag braith ar chosúlachtaí (image, appearance) agus tógtha suas le ‘féin-mhachnamh’ (self-contemplation) agus i ndainséar an rud is doimhne iontu – an coinsias – a mhalartú le ‘coinsias bréagach’ (counterfeit conscience), sé sin ‘féin-thoil’ (self-will). Conscience is not a long-sighted selfishness, nor a desire to be consistent with oneself…..Conscience is a stern monitor, but in this century it has been superseded by a counterfeit….It is the right of self-will.

Bhí Newman ag iarraidh lucht a linne a ghríosadh agus iad a mhealladh thar n-ais chuig ‘suibíochtúlacht údarach’  sé sin, spioradáltacht dhoimhin, iontaofa, fréamhaithe i nDia. ‘Were it not for this voice speaking so clearly in my conscience and my heart, I should be an atheist, or a pantheist, or a polytheist when I looked into the world’, a dúirt sé níos déanaí ina shaol (in aois a seascaidí). Thuig sé gurb’é a bhí sa choinsias ná glór agus teachtaire Dé, Biocáire Bunúsach (Aboriginal) Chríost, a bhí ag labhairt leis ‘taobh thiar de scáil’ (behind a veil), agus go raibh an ghuth inmheánach sin atá ag gach mac máthar mar bhua nó cáillíocht nádúrtha ach a chloistear níos soiléire trí éisteacht le Briathar Dé, ‘údarásach’. Dob’é an ghuth sin, ainneoin í a bheith dian dúthlánach amaintí, an ‘solas séimh’ a stiúraigh é féin tríd an dorchadas thart timpeall:

Lead kindly light amid the encircling gloom, lead thou me on.
The night is dark and I am far from home, lead thou me on…..

Ní raibh a dheartháir Charles ar aon intinn leis, áfach. Mhaíomh seiseann gurbh’aindiagach é. Chuir Newman stop leis an gcomhrá litreach agus an argóint ag pointe áirithe nuair a thuig sé nach ndearna sé puinn difríocht! Ba léir dó nach tríd an intinn, i. trí argóint, a thuigtear cursaí creidimh, ach tríd an samhlaíocht agus an croí. Ina chás féin, go deimhin, ní go dtí gur bhuail sé leis an sagart lách, naofa Dominic Barbieri sa sráidbhaile beag, Littlemore, inar chaith sé dhá bhliain ag machnamh go doimhin ar luath-scribhinní na hEaglaise, gur thuig sé go deimhin claonadh a chroí féin ó thaobh an Chaitliceachais dhe. Thuig sé ó phearsa agus iompar Barbieri cad ba Chaitliceach ann. Cor ad cor loquitur . Dob’é Barbieri a ghlac isteach san Eaglais Chaitliceach é sa bhliain 1845.

Tá claonadh láidir inár gcultúr féin, Dia pearsanta na Críostaíochta, Dia a labhraíonn linn, Dia atá istigh ionainn dár stiúradh, a shéanadh agus mar sin, tá teachtaireacht Newman an-ábharach dúinn. Dúirt an Pápa le fíor-dhéanaí (roimh dul go Sasana do bheannú Newman):

‘Tá creideamh i nDia pearsanta na Críostaíochta á chur i leataobh agus ‘dia’ neamhchinntithe, rúndiamrach, árdcheannasach le gaol éideimhin aige leis an gcine daonne,  á chur ina áit…Má dhiúltaítear le Dia pearsanta, tagann ar an bhfód ina ionad ‘dia’ nach dtuigeann, nach n-éisteann, agus nach labhraíonn….agus níos mó ná ariamh, nach bhfuil toil aige…Muna bhfuil a thoil féin ag Dia, ag an deireadh ní dhéantar idirdhealú idir an t-olc agus an mhaitheas….agus cailleann an duine a neart mórálta agus spioradálta atá riachtannach dó ar mhaithe lena fhobairt iomlán mar dhuine…’ .

I gcontrárthacht leis an seasamh seo a ghlaofadh Newman ‘the right of self-will’ air, chreid Newman agus mhúin sé go raibh Dia cóngarach, go bhféadfaí é a aithint i nguth an choinsiasa, agus go raibh maitheas an duine ag braith ar éisteacht leis an nguth sin agus é a leanúint. Ó laethanta a óige bhí, mar a scríobh sé ina dhialann ag aois fiche trí, dúil as cuimse i gcónaí agam an fhírinne a aimsiú agus nuair a d’amisigh mé í, ghlac mé go huile agus go hiomlán leithi. Fear umhal, urnaithe a bhí ann a d’éist agus a chuala glór Dé i gciúnas a chroí istigh: Ghuigh mé, agus tugadh bua na tuisceana dom; rinne mé achainí agus tháinigh spiorad na heagna chugam (an chéad léacht a chualamar anocht).
Faraor, is fíor a rá nach san urnaí ná san umhlaíocht a lorgaíonn lucht ár linne an fhírinne go minic ach in uabhar an mhíréasúin bunaithe go minic ar ‘mo thuairim féin’ (‘self-will’, Newman) amháin. Ghlaonn Benedict XVI ‘deachtóireacht an choibhneasachais’ (dictatorship of relativism) air seo: níl aon fhírinne oibiachtúil ann ach mo thuairim pearsanta féin. Feictear an dearcadh seo go rí-soiléir sa tuairisc a foilsíodh le déanaí san Irish Times ar dearcadh agus iompar shoisialta na nGael. Sex, Sin and Society an teidil a bhí air. Tugann na tráchtairí le tuiscint go bhfuil an ceart ag an tromlach ó thaobh móráltachta dhe ar ais nó ar éigin. Má chreideann formhór na ndaoine mar shampla nach mímhorálta iad gnéas roimh pósadh nó féinmharú cúnta, tá an ceart acu! Sin díreach an sórt réasúnaíocht éadoimhin, bhréagach bunaithe ar ‘long-sighted selfishness’ agus ‘counterfeit conscience’ a cháinfeadh Newman.

Soiscéal an Áthais

Ba mhian le Newman – go deimhin, ba mhisean a shaoil é d’fhéadfá a rá – soiscéal na fírinne, soiscéal Chríost, soiscéal an áthais a chraobhscaoileadh. Dúirt mé na nithe seo libh chun go mbeadh mo lúcháir-se ionaibh agus go mbeadh bhur lúcháirse iomlán (Soiscéal N. Eoin a chualamar anocht).

‘The Christian has a deep, silent, hidden peace’, a dúirt Newman, ‘which the world sees not….He can (as it were) joy in himself, for it is the grace of God within him, it is the presence of the Eternal Comforter in which he joys…’. (Parochial Sermons V, 69-70).

Thuig Newman go raibh an talamh frithsheasmhach ó thaobh an chreidimh – mar atá inár laethanta féin – toisc nár thuig nó nár chreid lucht a chomhaimsire go raibh sólás agus sonas mar thoradh ar an mbeatha Chríostaí. I seanmóir eile dúirt sé:

‘I wish it were possible, my brethren, to lead men to greater holiness and more faithful obedience by setting before them the high and abundant joys which they have who serve God….but this is, I know, just what most persons will not believe….They think it is very right and proper to be religious….but they cannot understand how it can be pleasant; they cannot believe or admit that it is more pleasant than a life of liberty, laxity, and enjoyment……to tell us that it is a pleasant thing to be religious, this is too much: it is not true; we feel that it is not true; religion is something unpleasant, gloomy, sad, and troublesome….Alas! I cannot deny that this is true in the case of most men. Most men do not like the service of God, though it be perfect freedom; they like to follow their own ways, and they are only religious as afar as their conscience obliges them’. (Parochial (Sermons VII, 195-6).

Táim cinnte go raibh Paidir N. Phóil a chualamar anocht, ar bharr teanga Newman agus ar cheann des na mianta is mó a spreag a chuid seanmóireachta:

go bhfaighidh sibh neart agus cumas inmheánach trina Spiorad, go gcónódh Críost in bhur gcroí trí chreideamh, go mbeidh sibh préamhaithe agus bunaithe sa ghrá… (Eifisigh 3).

‘The thought of God, and nothing short of it, is the happiness of men,’ a scríobh Newman; ‘He alone is sufficient for the heart who made it (PS V 316).’

Guimis anocht, trí idirghuí Newman Beannaithe, go dtugfaí dúinn éisteacht arís le glór binn séimh an Spiorad Naomh istigh ionainn atá dár treoiriú agus dár sólású ar ár mbealach go Cathair na nGrás. Go dtugfaí dúinn grásta na tuiscine agus grásta an chreidimh a bhí chomh foirfe sin i Newman ionas go dtiocfaidh borradh agus fás arís ar an gcreideamh in Éirinn agus ar fud an domhain. Amen.